top of page

An Lá Scoile | The School Day

Anseo

Bíonn múinteoir i mbun na leanaí sa chlós gach maidin ó 8.40am ar aghaidh. Níl bainistíocht na scoile freagrach as daltaí a bhíonn sa chlós roimh an am seo. Tosaíonn an lá scoile ar 8.50am. Bíonn sos gearr ag na leanaí ar 10.30am. Bíonn lón ann ó 12.30 go 1.00.

Ar na laethanta fliucha téann na leanaí díreach isteach i halla na scoile ar maidin agus fanann siad sna seomraí ag am lóin. Tá an clós súgartha roinnte ina dhá chuid: cuid amháin do na naíonáin agus Rang a hAon, agus an chuid eile do na daltaí móra.

Tá geata beag ar leith againn fá choinne coisithe. Tá cosc ar pháirceáil sa limistéar mairceáilte taobh amuigh den gheata.

Tá bac iomlán ar throid agus ar imirt gharbh sa chlós. Ní cheadaítear peil sa chlós ar eagla go rachadh an liathróid amach ar an bhóthar go furasta. Ceadaítear cispheil a imirt.

Téann na naíonáin abhaile ar 1.30pm, ach amháin i rith na chéad choicíse den scoil bhliain nuair a imíonn na Naíonáin Bheaga ar mheán lae. Imíonn na ranganna eile ar 2.30pm.

Laethanta a mbeidh an scoil ag dúnadh níos luaithe, nó laethanta a mbeidh an scoil dúnta ar fad, cuirfear scéala abhaile roimh ré. Iarrtar ar thuismitheoirí an mála scoile a chuardach go rialta fá choinne litreacha.

Children are supervised each morning from 8.40am. School management is not responsible for the safety of children who are in the yard before this. Children go to the classrooms at 8.50am. We have a short break or sos at 10.30am. Lunchtime is from 12.30 to 1.00.

On wet days, the pupils go directly to the school hall and they have their lunch-break in the classrooms. The playground is divided into two areas: one part for the Infants and First Class, and the other part for the bigger children.

We have a dedicated pedestrian gate for the children. Parking of cars is prohibited in the marked area outside the school gates. The gate will remain open except at playtime.

Fighting and rough play are totally banned in the schoolyard. Football is not allowed, as the ball would too easily go out on the road. Basketball is allowed.

Infant classes go home at 1.30pm, except during the first fortnight of the school year when the Junior Infants go home at noon. All other classes finish at 2.30pm.

In the case of a half-day or a free day, notice will be given in writing in advance. Parents are asked to check the school bags regularly for letters from the school.

bottom of page